Draiocht 'L'

Is fior a ra go bhfuil bannai ar nos Massive Attack agus Portishead ag diol na milliun ceirnin ach mar sin fein nil moran suime da chur I gceol mheaschta abhus anseo.

Ta ealaiontoiri Eireannacha ag leanuint do bhannai ar nos Oasis no rac bhannai giotair eile rud a fhagann gur fuascailt ceart ata in "Fire in a Dream Cage," de chuid "L". Amhranai an-chumasach ata in "L" a bhfuil culra aici mar innealtoir taifeadtha is i ag deanamh speisialtacht i scannan fuaime agus ta si ag dteannta Paul Tiernan ar a halbam nua chomh maith le bheith I dteannta an mhacasamhail a bheadh ag Eire do Brian Eno, fear a thugann Stano ar fein.

Is le giota ceoil instraiminte draiochtuil a osclaionn an t-albam agus cuirfidh se faoi gheasa tu ar feadh uair a chloig fhad is a bheidh 'L' ag gabhail fhoinn, Stano ag suiri agus ag mealladh ceoil as an ngiotar chomh maith le hobair iontach a bheith le cloisteail freisin o scor ceoiltoiri cuil.

Seo e an cineal albam ab fhearr eisteacht leis is na soilse curtha as san oiche. Ta blas an fomhair ceart ar an amhran bog "Fire in a Dream Cage," agus ce go bhfuil se beagan ro-phluchta in aiteacha, is albam e ata lan le hiontas.

Biorraigh do chluas ar chuma ar bith do "The Darkness," "When the day is over," agus "Songs in the wind," ait a bhfuil Kevin Murphy ar cello, agus "Five Ghost Flowers," le Richie Buckley ar sax.

Ta Gerry Kavanagh togha ar an dord mar ata Gary Sullivan agus Mark Grist ar na drummai agus ba cheart duit eisteacht le Tony Perrey ar na mearchlair aus leis an bhfoireann de cheathrar ar na giotair, Gerry Foy, Donald Teskey, Frank Kearns agus Paul Tiernan.

Ta lan mharcanna freisin tuillte ag Hue Records a choinnigh praghas an albaim chomh hiseal le £9.99 ar dhluthdhiosca agus £6.99 ar chaisin.

Colin Kerr - (Foinse 2 Samhain 1997)

'Fire in a dream cage' - what the Press say...